An Tiarna Olphert i mBaile Chonaill. Bhí na cnoic ag taobh Ned aige agus thug sé do mhuintir Dhroim na Tine iad. Roinneadh an talamh as Baile Chonaill ar mhuintir Dhroim na Tine fosta agus fuair siad 4 acra an duine. Tá sé féin agus a dhá mhadadh curtha i mBaile Chonaill. Leag muintir Dhroim na Tine an talamh a bhí acu amach ar cíos le daoine a raibh caoirigh acu ach fríd ama níor dhíol siad uilig an cíos, níorbh fhiú do mhuintir Dhroim na Tine é agus dhíol siad an t-iomlán leis an fhoraoiseacht. | 00:01:19 | |